Cothaíonn an Atlantach mothú uathúil pobail inár sráidbhailtí cois farraige. Tá comhoibriú agus tacaíocht riachtanach chun rath a bhaint amach sa timpeallacht mhuirí dhúshlánach.
Is tionscadal comharchumann pobail é ionad cuairteoirí SOLAS atá á thiomáint ag paisean agus bród inár stair agus cultúr.
Is as an cheantar iad foireann chairdiúil ionad cuairteoirí SOLAS. Tá nascanna dhíreacha ag go leor acu leis na scéaltaí atá le feiceáil inár dtaispeántais, ag cur blas pearsanta agus sianeolas áitiúil le do chuairt.
Foireann an Chaife
Máire Nic Gairbheith
Bainisteoir Ginearálta SOLAS
Derek Charles
Treoraí Turas
Fergus Sweeney
Oifigeach Turasóireachta
Holly Monaghan
Fáilteoir
John Conmy
Cócaire
Lauran McHale
Foireann Cistine
Nicole Keane
Foireann Cistine
Stacey Bairead
Foireann Cistine
Scéaltaí Iorras, seoltaí síos trí na glúinte
Scéaltaí Iorras, seolta síos trí na glúinte, a léiríonn gréasán saibhir le stair cultúr agus traidisiúin an cheantar.
Ó scéaltaí faoi lonnaíochta ársa agus tarrthála muirí gaisciúla go béaloideas créatúir miotaiseolaíochta agus finscéalta áitiúla, tugann na scéalta seo tuiscint ar charactair uathúil an cheantair.
Nochtann siad athléimneacht agus spiorad muintir Iorras atá múnlaithe ag an tírdhreach gharbh agus an Aigéan Atlantach.
Trí na scéaltaí seo a iniúchadh, is féidir le cuairteoirí tuiscint níos dhoimhne a fháil ar oidhreacht agus carachtar Iorrais, rud a shaibhríonn a dtaithí iomlán ar an réígiúin suntasach seo.
Ceithre Títhe Solais Stairiúla
Tá ceithre tithe solais stairiúla i gceantar Iorrais, an ceann is sine ag dul siar go 1835.
Ghlac na tithe solais seo ról ríthahachtach ag cinntiú sábháltacht loing agus báid a bhí ag seoladh trí uiscí contúirteacha an Atlantaigh. Ag an am céanna bhí tionchar mhór acu ar phobail áitiúla trí fhostaíocht agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn.
Idir báid a threorú agus tubaistí muirí a dhíbriú go soláthar postanna seasmhach agus bród pobail a chruthú, bhí tithe solais an Fhóid Dhuibh, An tInbhir Mhóir, An tIolar agus An Tor rí-thábhachtach do cheantar Iorrais le fada an lá.
Is comharthaí cultúrtha iad a neartaíonn agus a shaibhríonn ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin áitiúla.
Thug tógáil agus oibriú na dtithe solais seo feabhsúcháin bhonneagair, chuir siad leis na gnólachtaí áitiúla, agus chruthaigh siad deiseanna fostaíochta trí na glúinte, rud a rinne iad ina gcolúin riachtanacha de thírdhreach muirí agus sóisialta Iorras.